Foirne - Búnús an Ghnó Rathúil

Three amazing speakers.jpg

Tá áthas ar EmployAbility Galway agus ar urraitheoirí na hócáide Collins McNicholas Recruitment agus HR Services cuireadh a thabhairt duit chuig

Mionchruinniú Mullaigh Inspioráideach

“Foirne – Bunús an Ghnó Rathúil”.

Cuirfear tús leis an ócáid le fáiltiú, mionbhia agus deochanna ar 17.00, 22 Samhain 2017 sa Portershed, An Fhaiche Mhór, Gaillimh.

Tabharfaidh na haoichainteoirí, Michael FitzGerald, Príomhfheidhmeannach OnePageCRM, An tOllamh Robert Rosenberg, Ollscoil Chicago, agus Seónaid Ó Murchadha, Bean Ghnó Chumasach agus Bainisteoir Acmhainní Daonna agus Míchumais le Employer Disability Information léargas ar an gcaoi a n-éiríonn agus a dteipeann ar fhoirne, an chaoi ar éirigh le foireann de 20 duine cáil idirnáisiúnta sa ghnó a bhaint amach dóibh féin agus an bealach le húsáid a bhaint as na dúshláin saoil mar na hacmhainní is fearr a d’fhéadfá a roinnt le d’fhoireann.